School Activities
An Lá a Tháinig an tUachtarán
scríofa ag Cameron Murray - Rang a Sé
An Luan a bhí ann. Bhi sceitimíní ar na páistí. Ghlan siad an scoil arís agus arís. Scuab siad an t-urlár. Ghlan siad an fhuinneog. Ghearr siad an féar agus phioc siad na páipéir den talamh. Cheannaigh siad bláthanna sa siopa bláthanna agus chuir siad ar an mbord iad. Rinne siad fógra mór agus chroch siad é sa leabharlann. Bhí ‘Fáilte Romhat’ scríofa ar an bhfógra mór.
Tar eis tamaill tháinig an tUachtarán go dtí an scoil nua.
Shiúil sí isteach sa halla agus chuir na páistí fáilte roimpi. Chan na páistí Amhrán na bhFiann sa halla, ansin ghearr an tUachtarán an ribín. Tar éis tamaill d’ith an tUachtarán cáca milis agus d’ól sí cupán tae.
Ansin thiomáin an tUachtarán abhaile.